2 Ag cur tús le do chuid tascanna

Ag cur tús le do chuid tascann:

Sa chaibidil seo foghlaimeoidh tú na nithe seo a leanas…

  • A bhfuiltear ag súil uait in institiúid acadúil
  • Conas tús a chur le do thasc oibre
  • Maidir le foinsí tábhachtacha is féidir leat a úsáid le haghaidh do thascanna: leabhair agus ailt in irisí

Ionchais acadúla

“Is rud spreagúil é tosú ar an Ollscoil, ach féadann sé a bheith scanrúil freisin, go háirithe nuair a bhíonn cianfhoghlaim i gceist. Tá sé tábhachtach an iliomad tacaíochtaí atá ar fáil duit a lorg. Ná bíodh faitíos ort labhairt leis na léachtóirí, tá muide muid féin fós ag dul i gcleachtadh ar an domhan nua seo agus táimid ag iarraidh an oiread cúnaimh a thabhairt daoibh agus is féidir! Foghlaim le ceisteanna a chur, foghlaim le smaoineamh go criticiúil agus foghlaim le bheith oscailte d’eispéiris nua.”

Catherine Haughton, Léachtóir Sinsearach, Scoil an Altranais & an Chnáimhseachais, Ollscoil na Gaillimhe

Ag cur tús le do chuid tascanna

Ceann de na rudaí is deacra faoin obair ag an tríú leibhéal ná fios a bheith agat cén chaoi tús a chur le tasc. Breathnaigh ar an bhfíseán seo a leanas le haghaidh roinnt smaointe maidir le cén chaoi é sin a dhéanamh.

 

B’fhéidir gur mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha acmhainní atá luaite san fhíseán Getting Started with Your Assignment. Bíonn leabhair an-úsáideach chun eolas cúlra agus comhthéacs a fháil faoi thopaic – ach b’fhéidir go bhfaighfeá eolas níos reatha foilsithe in alt irise.

Leabhair agus ailt in irisí a aimsiú

Foilsítear go leor leabhar i bhformáid leictreonach na laethanta seo agus mar sin tá teacht orthu díreach ó chatalóg na Leabharlainne. Léiríonn an físeán seo a leanas cén chaoi é sin a dhéanamh:

 

D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach irisí a fháil (cuimhnigh go bhfuil beagnach gach iris ar fáil i bhformáid leictreonach anois agus is féidir teacht orthu ar líne i gcatalóg na Leabharlainne) agus breathnú tríothu, ach de ghnáth, beidh tú ag lorg alt irise ar leith laistigh d’iris. Míníonn an físeán seo a leanas an difríocht idir iris agus alt irise:

 

Mar fhocal scoir, b’fhéidir gur chuala tú nó go gcloisfidh tú daoine ag caint faoi irisí agus ailt in irisí ‘piarmheasúnaithe’. Cuid thábhachtach d’fhoilsiú faisnéise léannta lena n-áirítear ailt irise is ea piarmheasúnú. Chomh maith leis an bhfaisnéis seo a bheith scríofa ag saineolaithe sa réimse, tugann piarmheasúnú cuntas ar an gcúis a meastar faisnéis léannta a bheith an-údarásach.

Faigh tuilleadh eolais faoi irisí agus ailt in irisí piarmheasúnaithe san fhíseán seo a leanas:

 

Mar fhocal scoir, b’fhéidir gur chuala tú nó go gcloisfidh tú daoine ag caint faoi irisí agus ailt in irisí ‘piarmheasúnaithe’. Cuid thábhachtach d’fhoilsiú faisnéise léannta lena n-áirítear ailt irise is ea piarmheasúnú. Chomh maith leis an bhfaisnéis seo a bheith scríofa ag saineolaithe sa réimse, tugann piarmheasúnú cuntas ar an gcúis a meastar faisnéis léannta a bheith an-údarásach.

Faigh tuilleadh eolais faoi irisí agus ailt in irisí piarmheasúnaithe san fhíseán seo a leanas:

 

Áiríodh sa chaibidil seo faisnéis maidir le príomhchineálacha foinsí a aimsiú: leabhair agus ailt irise. Coinníonn an Leabharlann faisnéis i bhformáidí éagsúla eile. Breathnaigh ar Aguisín A ag deireadh an treoirleabhair seo le haghaidh liosta treoracha do líon níos mó formáidí foinse.

Licence

Icon for the Creative Commons Attribution 4.0 International License

Do Chéad Bhliain Anseo: DCBA Copyright © by Ollscoil na Gaillimhe University of Galway is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License, except where otherwise noted.

Share This Book