Cuireann Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh gach mac léinn céad bhliana agus tacaíonn sí leo agus iad ag aistriú go dtí an t-oideachas tríú leibhéal.

Mar pháirt de do chuid staidéir, beidh ort foinsí eolais léannta a aimsiú agus a úsáid chun taighde a dhéanamh ar mhaithe le do thascanna agus do mheasúnuithe. Áireoidh sé seo úsáid a bhaint as an iliomad foinsí éagsúla lena n-áirítear leabhair agus ailt in irisí piarmheasúnaithe. Is féidir leis an leabharlann tacú leat catalóg na leabharlainne agus bunachair shonraí thábhachtacha a úsáid chun an t-eolas atá uait le haghaidh do chuid oibre acadúla a aimsiú agus le go mbeidh rath ort sa chéad bhliain.

Is ar sheirbhís Scileanna Acadúla na Leabharlainne atá an phríomhbhéim sa treoir seo. Is féidir linn tacú leat do chuid scileanna riachtanacha faisnéise agus taighde a fhorbairt. Áirítear ar chuid de na scileanna seo úsáid a bhaint as an leabharlann chun acmhainní a aimsiú, do scileanna a fhorbairt maidir le smaointeoireacht chriticiúil agus sláine acadúil a fhorbairt.

Tá roinnt bealaí inar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn; gheobhaidh tú tuilleadh eolais níos déanaí sa lámhleabhar seo. Táimid anseo chun cabhrú leat, agus bealach maith amháin le teagmháil a dhéanamh linn is ea an ríomhphost, library@oegaillimh.ie.

Breathnaigh ar an bhfíseán seo a leanas ina labhraíonn mic léinn cosúil leatsa ar an gcaoi ar bhain siad leas as an Leabharlann le linn a gcuid ama in Ollscoil na Gaillimhe.

 

Licence

Icon for the Creative Commons Attribution 4.0 International License

Do Chéad Bhliain Anseo: DCBA Copyright © by Ollscoil na Gaillimhe University of Galway is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License, except where otherwise noted.

Share This Book