6 I gCúpla Focal

Cuspóirí foghlama

Sa chaibidil seo foghlaimeoidh tú

  • Saintéarmaí a bhaineann leis an leabharlann agus faisnéis agus cad is brí leis na téarmaí seo

Cartlanna: Cuimsíonn bailiúcháin Chartlainne Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe breis agus 350 bailiúchán lena n-áirítear Bailiúcháin Liteartha, Bailiúcháin Amharclannaíochta, Scannán agus Taibh-Ealaíon, Bailiúcháin Pholaitiúla agus Stairiúla agus Bailiúcháin a bhaineann leis an nGaeilge.  Féach ar na seoda atá againn trí chuardach nó brabhsáil tríd an liosta bailiúchán thíos, nó déan crostagairt sna bailiúcháin go léir leis an gCatalóg Cartlann.

Ailt (Ailt in irisí): Mír thaighde scríofa ag saineolaí acadúil nó ag saineolaí eile, chun smaointe nó torthaí nua a chur in iúl don phobal taighde níos leithne. Foilsítear roinnt alt le chéile laistigh d’eagrán irise.

Leabharliosta: Liosta leabhar nó liosta foinsí ar ábhar ar leith.

Ábhar a fháil ar iasacht: Féadfaidh mic léinn fochéime 6 leabhar a fháil ar iasacht ar feadh 7 lá. Déanfar athnuachan uathoibríoch ar na leabhair seo 9 n-uaire sula gcaithfear iad a thabhairt ar ais chuig an leabharlann (gan aisghairm san áireamh).

Seomra staidéir a chur in áirithe: Chun seomra staidéir a chur in áirithe sa leabharlann, féach ar an leathanach seo le haghaidh tuilleadh eolais: https://nuigalway.libcal.com/r

Catalóg: I gcatalóg na leabharlainne (Primo) is féidir cuardach a dhéanamh ar an mbailiúchán ollmhór foinsí atá ag leabharlann Ollscoil na Gaillimhe lena n-áirítear leabhair, ríomhleabhair, ailt in irisí, iontrálacha tagartha agus tráchtais. Féach ar an gcatalóg anseo: https://library.nuigalway.ie/

Foinse a lua: Cur síos gairid ar fhoilseachán a thagraíonn do shliocht, téacs, údar, leathanach gréasáin ar leith etc. Tagann sé aníos mar Thagairt nó mar Fhonóta agus tá dóthain sonraí ann chun gur féidir leat an foilseachán, an láithreán gréasáin etc. a aimsiú.

Cód seilf: Tugtar cód seilf difriúil do gach ábhar i gcairn fhisiceacha d’ábhar clóite na leabharlainne, ar urláir éagsúla d’fhoirgneamh na Leabharlainne. Mar shampla is é 657 an cód seilf don Chuntasaíocht.

Bunachar sonraí: Catalóg leictreonach nó innéacs inchuardaithe. Cuimsíonn sé sonraí go minic ar ailt aonair laistigh d’irisí agus uaireanta caibidlí i leabhair. I measc na mbunachar sonraí ildisciplíneach coitianta tá Scopus agus Academic Search Complete.

Aicmiú Deachúil Dewey: Socraítear na leabhair sa leabharlann ar na seilfeanna trí úsáid a bhaint as Aicmiú Deachúil Dewey (ADD). Tá sé ar an gcóras rangaithe leabharlainne is mó a úsáidtear ar domhan. Tagraíonn an focal “Dewey” do Melvil Dewey (1851-1931) a cheap an t-aicmiú agus foilsíodh den chéad uair é sa bhliain 1876. Tagraíonn an dara focal “Deachúil” don nodaireacht bhonn a deich a úsáidtear chun ábhair a shonrú agus a cheangal. Úsáideann sé uimhreacha Araibis arna láimhseáil mar chodáin dheachúla. Mar sin is é Aicmiú Deachúil Dewey ainm an aicmithe. Déantar athbhreithniú leanúnach air chun coinneáil cothrom le dáta leis an eolas. Le liosta iomlán ADD a fháil féach: https://libguides.library.nuigalway.ie/dewey

Ríomhleabhar nó Ríomhiris: Leabhar nó iris atá i bhformáid leictreonach agus is féidir a léamh go hiomlán ar líne.

Fíneálacha: Is é seo a leanas an polasaí maidir le fíneálacha: Gearrtar ráta €0.50 in aghaidh an lae ar leabhair ón bPríomhleabharlann mura mbaineann coinníollacha breise maidir le téarma iasachta leo. Gearrtar ráta €2.00 in aghaidh an lae ar leabhair ón bPríomhleabharlann atá faoi shrianta Iasachta 3 Lá. Gearrtar ráta €4.00 in aghaidh an lae ar leabhair ón bPríomhleabharlann atá faoi shrianta Iasachta 1 Lae. Gearrtar ráta €0.50 in aghaidh an lae ar DVDanna, CDanna, Bogearraí (CD-Rom), Dlúthdhioscaí Fuaime, Closchaiséid, agus Téipeanna VHS. Déanfar gach trealamh, leictreonaic agus ábhar leabharlainne eile a mheas ar bhonn cás ar chás maidir le téarmaí na hiasachta agus na fíneálacha i gcás ábhair a thabhairt ar ais déanach nó iad a bheith caillte nó goidte.

Iasacht lae: Tréimhse Iasachta Srianta – Maidir le leabhair Iasachtaí Lae agus ábhair atá marcáilte mar Iasachtaí Lae agus/nó a thaispeánann tréimhse dáta dlite 1 Lae nuair a dhéantar iad a sheiceáil amach, ní cheadaítear iad seo a sheiceáil amach ach ar feadh 1 lá amháin san iarraidh. Ní féidir athnuachan uathoibríoch a dhéanamh i gcás Iasachtaí Aon Lae.

Iasacht trí lá: Maidir le leabhair agus ábhair atá marcáilte mar Iasachtaí Trí Lá agus/nó a thaispeánann tréimhse dáta dlite 3 lá nuair a dhéantar iad a sheiceáil amach, ní cheadaítear iad seo a sheiceáil amach ach ar feadh 3 lá san iarraidh. Déanfar Iasachtaí Trí Lá nár aisghaireadh a athnuachan go huathoibríoch suas le 3 huaire mura bhfuil aon fhíneálacha, leabhair thar téarma ná srianta ar chuntas an iasachtaí.

Iris: (ar a dtugtar tréimhseachán nó sraithiris freisin) Foilseachán ina bhfuil ailt léannta agus a fhoilsítear go tráthrialta.

Alt in irisí: Mír thaighde scríofa ag saineolaí acadúil nó saineolaí eile, chun smaointe nó torthaí nua a chur in iúl don phobal taighde níos leithne. Foilsítear roinnt alt le chéile laistigh d’eagrán irise.

LibGuides (nó Treoracha Leabharlainne): Is bealach úsáideach iad na Treoracha Leabharlainne chun tús a chur le do chuid taighde. Tugann siad eolas faoi rochtain a fháil ar leabhair, ailt, bunachair shonraí agus láithreáin ghréasáin a bhaineann le do réimse staidéir. Chun teacht ar liosta iomlán, téigh chuig: https://libguides.library.nuigalway.ie/

Piarmheasúnú (Piarmheasúnaithe): Déantar piarmheasúnú ar na hirisí léannta is mó a bhfuil meas orthu, rud a chiallaíonn go ndéanann saineolaithe sa réimse, seachas an t-údar agus an t-eagarthóir, seiceáil ar gach alt sular féidir é a fhoilsiú. Tá sé de fhreagracht orthu a chinntiú go gcuirtear ábhar nua i láthair i gcomhthéacs a bhfuil ar eolas cheana féin, gurb iad na modhanna a d’úsáid an taighdeoir na cinn chearta, agus go gcuireann an t-alt leis an réimse. Ar na cúiseanna sin, is mó an seans go mbeidh ailt phiarmheasúnaithe inchreidte. Is iad na hailt in irisí piarmheasúnaithe an taifead oifigiúil léannta, rud a chiallaíonn más rud é gur forbairt thábhachtach sa taighde é, is dócha go mbeidh teacht air in alt in iris am éigin.

Bailiúchán tagartha: cuireann sé síos ar mhíreanna a fhéadfaidh tú a úsáid sa Leabharlann ach nach féidir a fháil ar iasacht, cosúil le foclóirí, atlais agus ciclipéidí. Tá go leor de na míreanna seo ar fáil ar líne.

Liosta Tagartha: Tá na sonraí a bhaineann le gach foinse a luadh sa téacs le fáil sa liosta tagartha. Bíonn sé ar fáil ag deireadh an tsaothair agus cuimsíonn sé sonraí faoin údar, teideal, dáta foilsithe etc. Cinntigh i gcónaí go seiceálann tú cén stíl tagartha is gá duit a úsáid agus féach ar an treoir stíle ábhartha. Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar na treoracha stíle éagsúla: https://libguides.library.nuigalway.ie/research-skills/citingandreferencing

Licence

Icon for the Creative Commons Attribution 4.0 International License

Do Chéad Bhliain Anseo: DCBA Copyright © by Ollscoil na Gaillimhe University of Galway is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License, except where otherwise noted.

Share This Book