1 Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe agus Scileanna Acadúla

Cuspóirí foghlama

Sa chaibidil seo foghlaimeoidh tú na nithe seo a leanas…

  • Cé hiad foireann Scileanna Acadúla na Leabharlainne?
  • Cén chaoi ar féidir leis an bhfoireann Scileanna Acadúla cabhrú leat?
  • Cén chaoi a ndéanfaidh tú teagmháil linn?

An Fhoireann Scileanna Acadúla sa Leabharlann

Buneolas fúinn

Tacaíonn an Fhoireann Scileanna Acadúla sa leabharlann le riachtanais faisnéise na foirne agus na mac léinn ar fad in Ollscoil na Gaillimhe.

Cuirimid seirbhís fhíorúil ar fáil ó Luan go hAoine 9-5 agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag academicskills@oegaillimh.ie

Is féidir linn ceisteanna a fhreagairt ar an ríomhphost ach is féidir linn comhairliúchán ar líne a dhéanamh ar Microsoft Teams chomh maith. Má bhíonn aon cheist agat i rith na bliana, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Ár bhfoireann: Cúntóir Scileanna

Ár bhfoireann: Leabharlannaithe Scileanna

Is féidir linn cabhrú leat leis na ceisteanna seo a leanas

  1. Cén chaoi a bhfaighim leabhair agus ailt ábhartha do mo thaighde/tasc?
  2. Cén chaoi a n-aimsím agus a n-úsáidim ríomhleabhair le haghaidh mo chuid taighde?
  3. Cén chaoi a bhfaighim eolas ar chatalóg na leabharlainne?
  4. Cén chaoi a mbíonn a fhios agam cé na bunachair shonraí atá oiriúnach do m’ábhar?
  5. Cén chaoi a mbíonn a fhios agam conas an fhaisnéis a aimsím ar láithreáin ghréasáin a mheas?
  6. Cén chaoi ar féidir liom bradaíl a sheachaint?
  7. Cén chaoi a ndéanaim foinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh i gceart?

Is áit iontach í an leabharlann le dul chun cabhair a fháil agus tú ag aistriú go dtí an t-oideachas tríú leibhéal. Chun leanúint leis an bhfoghlaim, féach ar na rudaí seo a leanas ónár gcuid bailiúchán.

Acmhainní Scileanna ó Bhailiúcháin na Leabharlainne

Is iomaí cabhair fhéintreoraithe atá againn mar chuid de bhailiúcháin na Leabharlainne. Féach ar na rudaí seo a leanas.

Ag tosú san Ollscoil

O’Connor, C. (2013) Cracking the college code: a practical guide to making the most of the first year college experience. Baile Átha Cliath: CJ Fallon

Ar na hábhair a chlúdaítear tá:

  • roghanna eolasacha a dhéanamh
  • ag ullmhú i gcomhair athruithe
  • eolas a fháil ar conas a oibríonn an córas tríú leibhéal
  • na chéad seachtainí agus míonna sa choláiste
  • na dúshláin a bhaineann le maireachtáil sa bhaile nó as baile
Foinsí a lua & tagairtí a dhéanamh

Pears, R. (2019) Cite them right: the essential referencing guide, 10ú heagrán. Basingstoke: Palgrave

Cite them right clúdach soiléir agus cuimsitheach ar conas foinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh. Tugann an 9ú heagrán seo samplaí mionsonraithe do gach foinse chlóite agus leictreonach, foilseachán gnó, rialtais, teicniúil agus dlíthiúil, agus saothair ealaíne agus íomhánna.

Scileanna Staidéir

Cottrell, S. (2019) The Study Skills Handbook, 5ú heagrán. Londain: Macmillan Education, Ltd.

Treoir luachmhar d’fhochéimithe i ngach disciplín chomh maith le hiarchéimithe, mic léinn lánfhásta agus mic léinn idirnáisiúnta. Ullmhaítear mic léinn leis an méid ba cheart dóibh a bheith ag súil leis roimh, le linn agus tar éis staidéir san ollscoil. Taispeántar do mhic léinn sa treoir seo conas a gcuid foghlama a oiriúnú dá riachtanais aonair chun a gcuid grád a threisiú, chun muinín a chothú agus infhostaitheacht a mhéadú.

Scileanna Smaointeoireachta Criticiúla

Cottrell, S. (2017) Critical thinking skills: developing effective analysis and argument, 3ra heagrán. Basingstoke: Palgrave.

Acmhainní riachtanacha do mhic léinn atá ag iarraidh a scileanna smaointeoireachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fheabhsú. Déanann an cur chuige mac léinn-lárnach seo an smaointeoireacht chriticiúil a shoiléiriú agus déantar ábhar casta a bhriseadh síos ina shleachta soláimhsithe. Míniúcháin shoiléire, samplaí ábhartha agus neart cleachtaí.

 

Licence

Icon for the Creative Commons Attribution 4.0 International License

Do Chéad Bhliain Anseo: DCBA Copyright © by Ollscoil na Gaillimhe University of Galway is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License, except where otherwise noted.

Share This Book