7 An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla

Cuspóirí foghlama:

Sa chaibidil seo foghlaimeoidh tú faoi

  • Ionad Scríbhneoireachta Acadúla Ollscoil na Gaillimhe agus an chaoi ar féidir leas a bhaint as

Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla (AWC) ranganna teagaisc duine-ar-dhuine ar fáil chomh maith le comhairliúchán ar ríomhphost maidir le scríobh aistí. Tá siad seo saor in aisce agus ar fáil do gach duine, beag beann ar thaithí nó meán gráid.

Tá an tIonad lonnaithe ar an dara hurlár i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin.

 

Tugann an tIonad cúnamh sna réimsí seo a leanas

Tobsmaointeoireacht ar ábhar agus imlíne d’aiste

Struchtúr a chur ar argóint

Ráiteas tráchtais a fhorbairt

Struchtúr abairtí agus poncaíocht a fheabhsú

Bradaíl a sheachaint

Teicnící eagarthóireachta agus profála

 

An rud nach ndéanann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla

Ní dhéanaimid an obair duit, ach tugaimid tacaíocht duit a bheith i do scríbhneoir níos fearr

Ní dhéanaimid profáil, ach is féidir linn múineadh duit conas do shaothar féin a phrofáil

Ní dhéanaimid measúnú ar aistí ná ní labhraímid ar na gráid a fuarthas

Ní thugaimid breith ar éinne as aon cheisteanna scríbhneoireachta

 

Dul i dteagmháil leis an Ionad Scríbhneoireachta Acadúla

Déan teagmháil leis an Ionad ag academicwritingcentre@universityofgalway.ie

Licence

Icon for the Creative Commons Attribution 4.0 International License

Do Chéad Bhliain Anseo: DCBA Copyright © by Ollscoil na Gaillimhe University of Galway is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License, except where otherwise noted.

Share This Book