5 Bradaíl a sheachaint

Cuspóirí foghlama:

Sa chaibidil seo foghlaimeoidh tú na nithe seo a leanas…

  • Cad is bradaíl ann agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach é a sheachaint
  • Conas is féidir foinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh mar is ceart mar chuid thábhachtach den bhradaíl a sheachaint

Cad is bradaíl ann

Go simplí, is é bradaíl an gníomh a bhaineann le saothar nó smaointe duine eile a chur i láthair mar do chuid féin. Tá Cód Cleachtais ag Ollscoil na Gaillimhe a shainmhíníonn bradaíl mar “ábhar a chóipeáil, a áireamh nó a thógáil díreach ó shaothar duine eile gan aitheantas cuí a thabhairt, chun buntáiste nó brabach éigin a fháil as”. Tá sé thar a bheith éasca bradaíl a dhéanamh sa timpeallacht dhigiteach, áit ar féidir leat ábhar a chóipeáil agus a ghreamú i bhfaiteadh na súl trí chúpla eochair a bhrú. Tá sé tábhachtach súil a choinneáil i gcónaí ar cé as a dtagann an fhaisnéis atá á cur san áireamh agat i do chuid oibre, agus na foinsí seo a lua go mion.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach an Bhradaíl a Sheachaint?

Leagann tú isteach obair ag an ollscoil ar an tuiscint gurb é do shaothar féin é agus go bhfuil do chuid obair uathúil féin ann ar an ábhar atá idir lámha. De ghnáth beidh tú ag cur le hobair atá déanta ag daoine eile; ní mór aitheantas a thabhairt don obair seo trí fhoinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh.

Tá tábhacht nach beag ag baint le bradaíl a sheachaint i gcomhthéacs na bprionsabal níos leithne a bhaineann le heitic taighde agus sláine acadúil, ar chóir duit a bheith ag cloí leo mar thaighdeoir mac léinn. Díol imní maidir le hionracas acadúil agus bradaíl is ea an úsáid atáthar a bhaint as muilte aistí agus as láithreáin ghréasáin íoctha le haghaidh páipéar. Ní hamháin go mbíonn caimiléireacht chonartha i gceist lena leithéid a úsáid, ach cuirfidh sé bac ar d’fhás acadúil féin freisin.

Foinsí a lua agus Tagairtí a dhéanamh

Is mar a chéile an dá phróiseas seo – foinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh: doiciméadú a dhéanamh ar an áit a bhfuair tú do chuid faisnéise nuair nach leatsa an fhaisnéis sin. Ní mór duit tagairt a dhéanamh do gach foinse a luann tú nó a athinsíonn tú laistigh de do cháipéis. Ba chóir duit i gcónaí na foinsí a úsáideann tú i do chuid oibre a lua go hachomair laistigh de théacs do pháipéir mar go ndéanfaidh sé seo do léitheoir a chur i dtreo do liosta tagartha nó do leabharliosta áit a gcuirfidh tú sonraí ioml

Féach an cheardlann físe seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas foinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh. Áiríonn sé leideanna maidir le tógáil nótaí agus bainistíocht ama mar mhodh chun tagairt cheart a dhéanamh, agus mar sin bradaíl a sheachaint. Ceardlann maidir le foinsí a lua agus tagairtí a dhéanamh.

Licence

Icon for the Creative Commons Attribution 4.0 International License

Do Chéad Bhliain Anseo: DCBA Copyright © by Ollscoil na Gaillimhe University of Galway is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License, except where otherwise noted.

Share This Book